Bhí suim aige ariamh in spórt agus bhí sé ina rúnaí ar chlub Naomh Cróna (Rosses Rovers) tamall maith agus is iomaí cluiche maith a bhí eatarthu féin agus Gaoth Dobhair agus ceantair eile. Is iomaí ceann achrannach a bhí ann fosta, bhí siad ag troid ag cluiche amháin, Gaoth Dobhair agus a chlub féin, stopadh an cluiche agus tugadh an cluiche go Bealach Féich de bharr. Ní raibh Hughie sásta le sin agus d’fhan se ar shiúl ón C.L.G. ar feadh 10 nó 12 bliain. Bhí suim aige i rásaí currach fosta, bhí muintir Ghabhla, Inis Meáin, Uaigh agus Cionn Caslach. Bhí sé mar bhall den chlub sna Rosa le sin. Bhí reigeaití acu agus bhain muintir Ghabhla craobh na hÉireann thart fá 1960, bhí siad iontach maith. Bhí lúthchleasaí ar dóigh san cheantar san am.
A chuimhne ar chluiche idir Gaoth Dobhair agus na Rosa lá amháin agus an troid a dhóbair a tharla an oíche sin.
Ag dul na bhaile ón Bhun Bheag ar an bhád go Carraig Fhinne. Lasadh siad tine ar an ché agus thagadh fear an bháid ar ais fá na gcoinne. Théith siad an oíche sin ón halla damhsa.
Sin an bealach a théadh siad i gcónaí. | 00:10:21 | |